| Title: | Early literacy patterns in Irish-medium schools |
| Authors: | Nig Uidhir, Gabrielle McPolin, Peter |
| Issue date: | 2006 |
| URI: | http://hdl.handle.net/2428/11243 |
| Abstract: | Bailíodh sonraí an tsaothair seo seo le linn tionscnaimh mhóir taighde, a rinneadh i
gcomhar le Muintearas na Gaillimhe, chun An Observation Survey of Early Literacy
Achievement a athfhorbairt i nGaeilge, 2001-2005. Is é an cuspóir a bhí leis an athfhorbairt sin ná tascanna measúnaithe sa luathlitearthacht a ullmhú sa Ghaeilge.
Rinneadh an buntaighde sin i gcomhar le páirtnéirí i dtíortha eile ar mhaith leo áiseanna measúnaithe Marie Clay a bheith ar fáil ag a gcuid múinteoirí - sa Spáinn, sa tSlóvaic agus sa Danmhairg. Cuireadh céimeanna breise le tionscnamh taighde na Gaeilge chun trialacha iontaofachta a dhéanamh, scóir chaghnaonacha a oibriú amach agus an áis a fhorbairt le haghaidh foilsithe.
Tharla le linn na hoibre seo gur bailíodh cuid mhór sonraí a thug léargas glinn, suimiúil ar iompraíochtaí luathlitearthachta i measc daltaí Lán-Ghaeilge. Rinneadh an
príomhthaighde le 261 dalta, ach nuair a chuirtear réamhthrialacha agus atástálacha san áireamh bhí thart faoi 500 dalta, Rang 1-4, rannpháirteach sa taighde. Cé go raibh
freagraí cearta / míchearta de dhíth chun cuid de na scóir a oibriú amach, cuireadh iomlán na bhfreagraí isteach i mbunachar sonraí chun tairbhe a bhaint as an deis taighde agus foghlama seo agus barúil a fháil ar iompraíochtaí daltaí lán-Ghaeilge agus iad i mbun fhorbairt na luathlitearthachta. Mar thoradh ar an phríomhstaidéar, foilseofar Áis
Mheasúnaithe sa Luathlitearthacht le linn 2005-6. Léirigh GESO suim sna sonraí breise
agus d’eagraigh siad an tionscnamh anailíse seo a chuir ar chumas an údair am saor a
fháil ón seomra ranga roimh dheireadh na scoilbhliana leis an anailís a dhéanamh.
Cuirtear i láthair, sa tuairisc seo, anailís ar thrí cinn de na tascanna measúnaithe a
rinneadh leis na daltaí. Tá súil agam go mbeidh spéis ag múinteoirí Lán-Ghaeilge san
aiseolas seo. |
| Type: | Article |
| Language: | en |
| Keywords: | Literacy patterns Irish-medium schools |
| Appears in collections: | Irish-Medium Education
|
| Files in this item: | | File |
Description |
Size | Format | View/Open |
| GTCNI Tuairisc GESO profl.pdf | Paper | 282Kb | Adobe PDF |  View/Open |
|
All items in this repository are protected by copyright, with all rights reserved.